Wednesday 13 April 2011

Comadóireacht
d’Áine Uí Fhoghlú


Mo lón ar mo dhroim agam thiar mar a bheadh cliabh
Is an Fear Bréige thall uaim ar an taobh eile den sliabh.

*

Ag siúl an bhealaigh liom féin gan chuideachta ná gan chéile
Go n-airím fada uaim i gcéin Sliabh Geal gCua na Féile.

*

Fear ar an gcnoc úd thall ag scairt i ndiaidh na gcaorach.
Beidh lá eile ag an bPaorach.

*

Bí ag caint ar chraiceann agus a luach:
I mo chluais chlé Maothal Brocán, i mo chluais dheis cuach.

*

Ar bharr Chnoc an Aifrinn cé nár ghéill mé riamh do Dhia,
Bheannaigh mé dá bhfaca mé faoi dhó, faoi thrí, dar fia.

*

Ar Mhóin an Mhullaigh, faoi mo chois, raineach agus fraoch
Is an ghrian i mo shúil is an bealach ag éirí caoch.

No comments:

Post a Comment